Seirbhísí Mara Mhíobhaigh Teo
Seirbhísí Mara Mhíobhaigh Teo
“Tá Bádchlós Míobhaigh lonnaithe i mbá fhoscaíoch Mhíobhaigh atá insroichte go furast agus suite go hoiriúnach do gach cineál bád thart fá’n chósta.”
IS FÉIDIR SUAS LE 300 TONA A THARRAINGT ISTEACH I SEID, STÓRÁIL I RITH AN GHEIMHRIDH/COTHABHÁIL/SEIRBHISIÚ.
COTHABHÁIL IOMLÁN BÁID & SEIRBHISIÚ BLIANTÚIL, SEIRBHÍSÍ DEISIÚCHÁIN MEICNIÚLA/LEICTREACHA.
LITRITHEOIR FÓGRAÍ/SAINEOLAITHE DO PHÉINT MHUIRÍ, FEISTIÚ/STÓRÁIL GEIMHRIDH.
Am gnóthach ag bádchlós Míobhaigh.
Lonnaithe sna Dúnaibh
Seirbhísí Mara Mhíobhaigh Teo – Ag feidhmiú ón bhliain 1908
D’oscail Bádchlós Míobhaigh den chéad uair sa bhliain 1908 agus bhí sé thar a bheith rathúil, ag tógáil níos mó ná 70 bád agus ag déanamh mórán deisiúcháin. De bharr easpa tógála agus costais ag ardú, dhruid an bádchlós na doirse sa bhliain 1980. Ghlac Cornelius Bonner ó Árainn Mhór anonn an foirgneamh agus d’úsáid sé áiseanna an bhádchlóis le cothabháil agus deisiúcháin a dhéanamh ar a chuid bádaí a rinne an tseirbhís farantóireachta ó agus go dtí Árainn Mhór. Ansin sa bhliain 2009, ghlac Dominic Sweeney anonn an bádchlós agus seirbhís farantóireachta Árann Mhóir. Tá Dominic ag obair ar bhád farantóireachta Árann Mhóir le corradh agus tríocha bliain agus ag obair i mbádchós Míobhaigh anois agus arís sa tréimhse chéanna.
Seirbhísí Mara Mhíobhaigh Teo – Ag dul ar aghaidh as sin
Tá na háiseanna i mbádchlós Míobhaigh le bádaí a tharraingt isteach, le níochán ardbhrú a dhéanamh, le bád a phéinteáil ó mhullach an chrann seoil go dtí an cíle, leis an inneall a athrú/a dheisiú chomh maith le deisiúcháin snáithín gloine. Ar mhaithe le iomaíocht a dhéanamh agus an obair a dhéantar sa chlós a leathnú, thóg an comhlacht cliabhán úrnua anuraidh atá ábalta níos mó ná 300 tona a thógáil agus mar gheall air sin, tá méadú anois ar mhéid na mbád a thig leis an chlós a láimhseáil.




